Teilifíse nua: An Bronntanas ar TG4 ó 23 Deireadh Fómhair

Is thriller comhaimseartha nua é An Bronntanas, sraith cúig pháirt atá lonnaithe i saol phobal an bháid tarrthála amach ó chósta Chonamara. I measc na bpríomhaisteoirí tá Dara Devaney (Na Cloigne) agus Owen McDonnell (Single Handed), in éineacht leis an aisteoir Gael-Mheiriceánach John Finn (Cold Case).

Ar oíche stoirme, tar éis glaoch tarrthála a fháil, tagann an criú tarrthála áitiúil ar lastas drugaí ar fiú os cionn milliún euro é, ar bhád iascaigh tréigthe. Nuair a dhéanann siad cinneadh an lastas seo a choinneáil dóibh féin titeann siad isteach i saol trioblóideach, foréigneach agus tragóideach.

Is iad Ciarán Ó Cofaigh agus Tom Collins a léirigh An Bronntanas do ROSG agus De Facto Films agus Tom Collins a stiúraigh. Rinneadh An Bronntanas a scannánú ag láithreacha éagsúla timpeall ar Chonamara le Cian de Buitléir mar Ghrianghrafadóir.

Craolfar an tsraith seo Déardaoin ag 21:30 ó 23 Deireadh Fómhair, ar TG4 .

an-bronntanas_image

An  Bronntanas is a new 5 part contemporary thriller starring Dara Devaney (Na Cloigne), Owen McDonnell (Single Handed) alongside veteran American Irish TV and theatre actor John Finn (Cold Case).

The rescue crew of a local independent lifeboat crew working off  the coast of Connemara, Co. Galway receives a distress  call on a stormy night. On discovering an abandoned fishing boat with a cargo of over a million euros worth of drugs the crew is challenged with a moral dilemma. Do they hand over the drugs to the authorities or sell them and save their struggling village. It’s a decision that will change their lives forever.

The original Irish language show was developed by Galway-based production company ROSG and Northern Ireland-based De Facto Films. It is directed by Tom Collins (Kings) who also produced with Ciarán Ó Cofaigh. The series was shot in various locations in Connemara, with Cian de Buitléir as the DoP.

The series airs Thursdays at 9.30pm from October 23rd, TG4.