Northern Ireland Screen

#Industry: Northern Irish Screen announces details of latest Irish Language Film Board funding

Northern Ireland Screen’s Irish Language Film Board (ILBF) has announced its latest funding decisions for 2016. Funding was awarded across a wide genre of TV and film with a total of 18 projects receiving funding.

The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the Irish language production sector in Northern Ireland.

De Facto Films received funding to produce historical-political thriller Aithrí, which will be directed by An Brontannas‘ Tom Collins, is a gripping story that spans 50 years filled with trust, revenge, guilt, violence and sacrifice. The feature film will air on TG4 as well as having a cinematic release. The film also recently received funding from the Irish Film Board.

Imagine Media’s Bingo! will explore the ever-popular pastime of bingo as seen through the eyes of bingo-goers throughout the nation while also casting an eye on its history and how it became so popular in Ireland.

The new ground-breaking Irish language secondary school, Gaelcholáiste Dhoire will be under the spotlight in LIGID TV’s Hogwarts na Gaelscolaíochta. The series follows students as they go through the ups and downs of student life at the college. LIGID TV will also be producing Bád Eddie – L’ami de la Mer that will look into the history of the iconic shipwreck that lies on Magheraclogher beach in Donegal.

Ceol ón Chlann will return to TG4 for a third series. The Stirling Film and TV Production’s musical documentary series will give viewers a deeper insight into another six famous families whose music is known throughout the world.

Sonas Productions has been awarded funding to produce two four-part music series, with one series examining the All-Ireland Fleadh for TG4 while the other series for BBC NI will capture the new and exciting generation of traditional/folk artists who have their own unique brand of music.

Dearcán Media’s Puncaí na hÉireann will give a first-hand account of the experiences of those involved in the Punk Movement during the 1970s in conservative Ireland. Dearcán Media has also been granted funding to produce a multimedia educational resource based on its documentary Fomhuireán na bhFíníní.

This year also sees two ILBF funded series mark an important milestone. Popular country music show Opry an Iúir, produced by Big Mountain Productions for TG4, and Below the Radar’s lively magazine show for BBC NI I Lár an Aonaigh both return for their fifth series.

Below the Radar will also produce discussion series An Focal Scoir, providing in-depth debate and analysis of various stimulating and controversial issues. Their Meon Eile multimedia platform will also be returning.

Following on from a successful first series, Paper Owl Films has been awarded funding to produce a second series of Racht; a six-part factual series which examines six tragic murders in Ireland and the legacy they have left behind.

Macha Media will produce Scéaldrámaíocht, a series of short films that will see today’s Irish medium primary school children bring to life various folklore stories collected by children in the 1930s for Bailiúchán na Scol.

Waddell Media has been awarded funding for a new programme which will take a fly-on-the-wall look at the daily commute of various car loads of humorous, opinionated commuters, all with their own stories to be told as they begin their journey to work.

There will be one further funding round this year, with the deadline for applications being Friday 2nd September. For further details and guidelines please visit the ILBF funding page.


Tá lúcháir ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann na cinntí maoinithe is deireanaí do 2016 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar 18 dtionscadal ina bhfuil réimse leathan clár teilifíse agus scannáin.

Is é a chuireann an CCG roimhe, maoiniú a chur ar fáil le hábhar Gaeilge ar ardchaighdeán a léiriú agus a chraoladh do lucht féachana i dTuaisceart na hÉireann agus níos faide i gcéin agus lena chinntiú go gcuirfear fás faoin earnáil léiriúcháin Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Tá maoiniú bronnta ar De Facto Films chun Aithrí, atá stiúrtha ag An Bronntanas‘ Tom Collins, a léiriú – scéinséir stairiúil-polaitiúil a chuimsíonn tréimhse 50 bliain. Is scéal é Aithrí nach dtógfaidh tú do shúile uaidh, a bhfuil iontaoibh, díoltas, ciontacht, foréigean agus íobairt ina n-orlaí tríd. Craolfar ar TG4 é agus is amhlaidh a bheidh sé á thaispeáint sna pictiúrlanna chomh maith. Fuair an scannán maoinithe freisin ó Bhord Scannán na hÉireann.

Ina gclár Bingo! déanfaidh Imagine Media iniúchadh ar chaitheamh aimsire a raibh an-ghean ag daoine riamh anall air mar atá, biongó. Amharcfar ar an chaitheamh aimsire seo trí shúile lucht a imeartha ar fud na tíre. Tabharfar spléachadh chomh maith ar stair agus ar fhorbairt an chluiche féin agus ar na fáthanna ar éirigh chomh geal sin leis mar chaitheamh aimsire in Éirinn.

Díreofar ar an scoil nua cheannródaíoch, Gaelcholáiste Dhoire sa chlár Hogwarts na Gaelscolaíochta, clár de chuid LIGID TV. Sa tsraith seo leanfar na daltaí agus iad ag tabhairt aghaidh ar chora saoil an dalta ar an choláiste. Chomh maith leis seo léireoidh LIGID TV Bád Eddie – L’ami de la Mer, ina n-amharcfar ar stair na loinge briste sin atá ina luí ar thrá Mhachaire Chlochair, long a ndearnadh na mílte iontas di i gcaitheamh na mblianta.

Beidh Ceol ón Chlann de chuid Stirling Film and TV Productions ar ais don tríú sraith agus tabharfaidh an tsraith faisnéise cheoil léargas níos doimhne don lucht féachana ar shé theaghlach chlúiteacha eile a bhfuil clú agus cáil dhomhanda ar a gcuid ceoil.

Bronnadh maoiniú ar Sonas Productions chun dhá shraith ceithre chlár a léiriú. Déanfar iniúchadh ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i sraith amháin do TG4 agus sa tsraith do BBC TÉ caithfear súil ar an ghlúin úr chorraitheach ceoltóirí traidisiúnta/tíre agus iad ag iarraidh lorg dá gcuid féin a fhágáil ar cheol ár linne.

Tabharfaidh an clár Puncaí na hÉireann de chuid Dearcán Media cuntas ar Ghluaiseacht na bPuncaí in Éirinn trí thaithí phearsanta na ndaoine sin a bhí páirteach inti le linn na 1970í a fháil. Chomh maith leis seo, tá maoiniú faighte ag Dearcán Media chun acmhainn oideachais ilmheáin atá bunaithe ar a gclár faisnéise Fomhuireán na bhFíníní a chruthú.

Is ócáid thábhachtach é ag dhá shraith atá maoinithe ag CCG chomh maith. Is amhlaidh a fhillfidh an clár ceoil tuaithe de chuid Big Mountain Productions agus a raibh an-éileamh air Opry an Iúir ar TG4 agus fillfidh an t-irischlár bríomhar de chuid Below the Radar do BBC TÉ, I Lár an Aonaigh araon dá gcúigiú sraith.

Léireoidh Below the Radar sraith díospóireachta chomh maith, mar atá, An Focal Scoir sraith ina ndéanfar mionchíoradh ar cheisteanna suimiúla conspóideacha. Anuas air seo, beidh an t-ardán ilmheáin Meon Eile linn arís eile.

I ndiaidh a gcéad sraith a raibh an-tóir uirthi, bronnadh maoiniú ar Paper Owl Films chun an dara sraith den chlár Racht a léiriú. Sa tsraith fhíorasach sé chlár seo déantar iniúchadh ar shé dhúnmharú thragóideacha in Éirinn agus ar an lorg a d’fhág siad ina ndiaidh.

Tá maoiniú faighte ag Macha Media le sraith gearrscannán, Scéaldrámaíocht a léiriú. Páistí Gaelscoile a ghlacfaidh páirt sna gearrscannáin seo, gearrscannáin a bheidh bunaithe ar scéalta béaloidis a bhailigh páistí siar sna 1930í do Bhailiúchán na Scol.

Bronnadh maoiniú ar Waddell Media chun sraith nua a léiriú a thabharfaidh léargas ar an láthair dúinn ar roinnt daoine éagsúla agus iad i gcarranna lena chéile ag tabhairt faoina dturas laethúil chun na hoibre. Beidh an clár breac le greann agus tuairimí agus a scéal féin le hinsint ag gach duine acu.

Beidh babhta maoinithe amháin eile ann i mbliana agus is é an Aoine 2 Meán Fómhair spriocdháta an bhabhta seo. Le haghaidh tuilleadh eolais agus na dtreoirlínte téigh chuig leathanach maoinithe an CCG.