Celtic International Fund

#Industry: TG4, NI Screen, BBC ALBA, and S4C create joint Celtic International Fund

The Celtic International Fund will run an annual joint-commissioning round between the indigenous Celtic language television broadcasters and funders of Scotland, Wales, Ireland and Northern Ireland. It has been set up by BBC ALBA (with funding from MG ALBA), S4C, TG4 and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF).

The aim of the Celtic International Fund is to promote co-development and then co-production through Scottish Gaelic, Welsh and Irish, and to encourage a broader European and worldwide internationalisation of productions which are originally conceived in those Celtic languages.

The Celtic International Fund will provide film-makers with an opportunity to co-develop and co-produce distinctive, ambitious works to enrich primetime programme schedules, to have a national impact with audiences in the territories of Scotland, Wales, Ireland and Northern Ireland and seek to reach audiences worldwide.

The initial call-out encompasses three genres – Factual, Drama and Animation.  All successful projects will undergo a development phase where funding will be provided to both develop ideas and the co-production framework, which must have a production element in Scotland, Wales and either Ireland, or Northern Ireland.

The Celtic International Fund will be administered by a joint commissioning team drawn from the Celtic language broadcasters and funders who are partners in the scheme.

In a media landscape dominated by high production values, driven by international giants with deep pockets, it is more and more important that TG4 creates an environment for Irish independent companies where quality Irish ideas can flourish in the international market.

Growing and internationalising the creative economy in Ireland is a key component of TG4’s recently launched 5 Year Strategy.  It’s not correct to think that international co-production can only be achieved with English language partners like the UK and the US.  This new Celtic partnership, combined with recent EBU initiatives on European co-production, means that TG4 will become an important partner in European and worldwide programme markets allowing us to bring higher quality programmes to our viewers.
Alan Esslemont, Director General – TG4

We are delighted to be part of this initiative, which will enable local Irish speaking producers to work alongside their Celtic neighbours to develop content that can be enjoyed by a global audience. This new partnership will lead to a stronger and more developed production sector and we are excited to see new factual, drama and animated content with high production values and that has originated in the Celtic territories, make its mark in the global market.
Áine Walsh, Head of the Irish Language Broadcast Fund – Northern Ireland Screen

For further information on how to submit an application to the Celtic International Fundplease click here.

TG4 also recently signed a co-production agreement with Korean broadcaster, JTV, opening up access to broadcast funds in Korea and is at present engaged with S4C and JTV in a co-produced factual series, with further co-productions planned for 2019.


Reáchtálfaidh an ‘Celtic International Fund / An Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach’ babhta comhchoimisiúnaithe gach bliain idir na craoltóirí agus maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha in Albain, sa mBreatain Bheag agus in Éirinn, thuaidh agus theas.

Ciste é seo arna bhunú idir BBC ALBA (le maoiniú ó MG ALBA), S4C, TG4 agus An Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) de chuid Northern Ireland Screen.

Tá sé mar aidhm ag an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach  comhfhorbairt agus comhléiriúcháin trí mheán na Gáidhlige, na Breatnaise agus na Gaeilge a spreagadh agus léiriúcháin a ceapadh ó thús sna teangacha Ceilteacha a chur faoi bhráid pobal Eorpach agus domhanda.

An sprioc atá leis an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach deis a chur ar fáil do lucht scannánaíochta tabhairt faoi chomhfhorbairtí agus chomhléiriúchán ar chláracha suntasacha, forásacha a chuirfidh go mór le sceideal príomhama na gcraoltóirí, a mbeidh tionchar acu ar lucht féachana náisiúnta in Albain, sa mBreatain Bheag agus in Éirinn agus a mbeidh sé mar aidhm acu dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain.

Beidh trí chineál clár i gceist sa gcéad bhabhta coimisiúnaithe – Fíorasach, Dráma agus Beochan.  Beidh tréimhse forbartha i gceist ina gcuirfear maoiniú ar fáil le smaointe a fhorbairt ach freisin chun líonra comhléiriúcháin a fhorbairt agus an ceangal ann go gcaithfidh cuid den phróiseas léiriúcháin tarlú in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i bPoblacht nó i dTuaisceart na hÉireann.

Comhfhoireann coimisiúnaithe a bheidh i gceannas ar an gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach ar a mbeidh ionadaithe ó na craoltóirí agus na maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha atá ina gcomhpháirtithe sa scéim seo.

Tá cláracha a bhfuil luach ard léiriúcháin ag baint leo lárnach i meáin an lae inniu, cláracha atá á maoiniú ag ollchomhlachtaí saibhre.  Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirfeadh TG4 timpeallacht ar fáil ina mbeidh comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin in ann smaointe Éireannacha d’ard-chaighdeán a chur i lár an mhargaidh idirnáisiúnta.

Is cuid thábhachtach de straitéis 5 Bliana TG4, a foilsíodh le gairid, go gcabhródh muid le fás agus le hidirnáisiúnú eacnamaíocht chruthaitheach na hÉireann. Ní fíor gur trí chomhpháirtíochtaí le comhlachtaí Béarla amháin, comhlachtaí as Sasana nó Meiriceá cuir i gcás, is féidir tabhairt faoi chomhléiriúchán  idirnáisiúnta.  Mar thoradh ar an gcomhpáirtíocht nua Ceilteach seo, in éineacht le tionscnaimh nua comhléiriúcháin de chuid an EBU, beidh TG4 ina chomhpháirtí tábhachtach sna margaí Eorpacha agus domhanda agus beidh muid in ann cláracha de chaighdeán níos airde a chur ar fáil dár lucht féachana.
Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir – TG4

Táimid iontach sásta le bheith páirteach sa tionscnamh seo. Ciallaíonn sé go mbeidh léiritheoirí áitiúla le Gaeilge ábalta comhoibriú lena gcomharsan Ceilteach agus ábhar taitneamhach a fhorbairt do lucht féachana ar fud an domhain. Beidh earnáil léiriúcháin níos láidre agus níos forbartha againn mar gheall ar an gcomhpháirtíocht nua seo. Táimid ag tnúth go mór le cláir fhíorasacha, dráma agus beochan le hard luachanna léiriúcháin a fheiceáil ó na críocha Ceilteacha agus iad ag fagáil a rian féin sa mhargadh domhanda.
Áine Walsh, Ceannasaí an Ciste Craoltóireachta Gaeilge -Northern Ireland Screen

Tá tuilleadh eolais le fáil ar an Chiste Idirnaisiúnta Ceilteach agus ar an dóigh le hiarratas a dhéanamh ar an nasc seo.

Shínigh TG4 comhaontú comhléiriúcháin freisin le déanaí le craoltóir as an gCóiré, JTV, a thug bealach isteach do TG4 chuig ciste craoltóireachta na Cóiré.  Tá TG4, S4C agus JTV i mbun comhléiriúcháin ar shraith faisnéise faoi láthair agus tá tuilleadh léiriúchán i gcomhar beartaithe acu le linn na bliana 2019.